Mar aonad de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, cuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge cláir chéime & iarchéime ar fáil do mhic léinn ar mian leo cáilíocht chéime/iarchéime a bhaint amach sna réimsí seo a leanas; Riarachán Gnó, Cumarsáid - Craoltóireacht Raidió agus Teilifíse, Léann an Aistriúcháin, Ateangaireacht, Pleanáil Teanga, Oideachas, Na hEalaíona agus Teicneolaíocht Faisnéise